School: An Clochar, Crossmolina (roll number 14728)
- Location:
- Crois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: An tSr. Antoine
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé macaire ar bith sa bpoll. Ach theasbáin an firín dó é, agus is beag nár thuit na súile as a cheann le h-iongantas. Labhair an firín arist." Tá fear ag teastáil uaim ó Fhuirinn Chonnacht agus a Pháidín caithfidh tú dul ann "D'fhéach Páidín air le na bhéal osgailte. Tá a fhios agaibh go léir a léightheoirí nách minic a bhíonns feilmeóirí in don comán a oibriú fuí amháin imirt leis.
Bhí cineál faithchíosa ar Phaidín roimh an bfirín mar chuala sé a shean athair a rádh dá dtéigheadh duine in aghaid na sidheog bheadh mí-adh air ig comhnaidhe. Dubhairt an sidheoigín." Ara a Pháidín ná bí ag féachaint orm mar sin "agus le sin thóg sé an comán i na láimh agus munar imir sé go maith ní lá go maidin é. Bhíodar ag imirt ar feadh uair' a chluig agus annsin stadadar. Rinne Paidín an cúl deire agus le sin fuair Connachta an buadh ar ndó, ach bhí caiptín na Mumhnach mí-shásta faoi go raibh Paidín ag imirt leo ach do stop an firín beag é. Fuair Paidín pota óir ó'n leipreachán ach bhí air geallmhaint nách n-innseochadh sé d'aoinne cá bhfuair(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chongamhna
- Gender
- Female
- Address
- Crois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Miceál O Congamhna
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo